Seirbil
Gerbillinae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Rodentia |
Fine | Muridae |
Fofhine | Gerbillinae Gray, 1825 |
Is éard is seirbil inti ná saghas luiche atá dúchasach don Afraic, an meánoirthear is lár na hÁise. Na cosa deiridh fada, an t-eireaball fada fionnaitheach.
Maireann sí i ngrúpaí sóisialta, áitríonn tír oscailte thirim, tochlaíonn poill le maireachtáil iontu. Itheann sí síolta, fréamhacha is bianna eile (itheann cuid acu ainmhithe eile, péisteanna is creimirí). Is peata coitianta cineál amháin, an tseirbil Mhongólach.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seirbil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.