Staphylococcus aureus meiticillinfhriotaíoch
Cineál | Staphylococcus aureus |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 12396 |
MedlinePlus | 007261 |
eMedicine | 228816 |
MeSH | D055624 |
UMLS CUI | C1265292 |
Baictéar de chineál stafalacocais atá tar éis éirí friotaíoch do na gnáthfhrithbheathaigh is ea Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch (MRSA i mBéarla). Tugtar sárfhrídín air sa ghnáthchaint, ach úsáidtear an téarma céanna ar bhaictéir eile atá éirithe friotaíoch (mar shampla tá VRSA ann freisin, Stafalacocas aureus vancamaicinfhriotaíoch).
I láthair ar an gcraiceann is sa tsrón ag an-chuid daoine gan aon trioblóid, ach má théann sé isteach sa cholainn, faoin gcraiceann, nó sna scamhóga, mar shampla, is féidir go dtarlóidh ionfhabhtú.
Eipidéimeolaíocht
Is annamh a tharla MRSA roimh na 1980idí, ach anois faightear in an-chuid ospidéal é, agus scaipeann foireann an ospidéil é muna mbíonn a gcleachtadh sláinteachais go maith (is gá dóibh a lámha a ní tar éis tadhaill le hothar agus an timpeallacht iomlán a choinneáil glan).
Bíonn othair áirithe íogair don ionfhabhtú seo is iad lagaithe ag pé galar atá orthu, agus faigheann cuid acu bás uaidh.
Cosc
Tagann MRSA chun cinn má bhíonn duine ionfhabhtaithe á chóireáil ar bhonn fadtéarmach le frithbheathaigh cosúil le peinicillin. Fásann an fhriotaíocht sa bhaictéar de réir a chéile.
Is féidir an t-ionfhabhtú a tholgadh ó dhuine ionfhabhtaithe eile.
Ba cheart baill foirne a thástáil go rialta féachaint an bhfuil siad ag iompar an bhaictéir, agus úsáid na bhfrithbheathach a shrianadh an oiread agus is féidir.
Básanna
- Alcólach déanta ba ea Rory Gallagher. Tharla coilíniú baictéarach ar a ae[1]. Is féidir le hionfhabhtuithe tinnis áirithe a dhéanamh níos measa agus tháinig ionfhabhtú stafalacocais (MRSA) air.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ https://www.thefreelibrary.com/Booze+didn%27t+kill+my+brother+Rory,+it+was+the+drugs+to+help+his+fear...-a084782459
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 624.