Talasaemacht
Cineál | autosomal recessive disease (en) , hemoglobinopathy (en) , hemolytic anemia (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | haemaiteolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais | |
Aicmiú | |
ICD-10 | D5656. |
ICD-9 | 282.4282.4 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 141800 |
MedlinePlus | 000587 |
eMedicine | 958850 agus 396792 |
Patient UK | thalassaemia-pro |
MeSH | D013789 |
UMLS CUI | C0039730 |
DOID | DOID:10241 |
Galar fola a fhaightear le hoidhreacht ina mbíonn táirgeadh éalangach haemaglóibine (an móilín a iompraíonn an ocsaigin sna heiritricítí) agus ainéime dá thoradh. Tarlaíonn sí do dhaoine ó oirdheisceart na hÁise is an Mheánmhuir ó dhúchas. Dhá shaghas ann, alfathalasaemacht is béite-thalasaemacht, an dá cheann acu de bharr géin mhínormálta a fháil le hoidhreacht. Má fhaightear an ghéin ó thuismitheoir amháin, bíonn na siomptóim éadrom (miontalasaemacht) ach is féidir an ghéin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Fulaingíonn daoine a fhaigheann géinte mínormálta ón mbeirt tuismitheoirí an galar go trom, fiú go marfach (mórthalasaemacht). Sa saghas alfa, faigheann an féatas bás nó tarlaíonn marbh-bhreith. Sa saghas béite, bíonn an ainéime géar ón óige. Leathnaíonn smior na cnáimhe is an liathán chun tuilleadh eiritricítí a tháirgeadh mar chúiteamh, ach mar thoradh air seo tarlaíonn mínormáltachtaí cnámharlaigh don bhlaosc is an aghaidh go háirithe. Is í an chóireáil ná fuilaistriú arís is arís eile, ach is féidir go ndéanfaidh sé seo damáiste don ae is an croí.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Talasaemacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 641.