Tuaslagán maolánach

Is é is tuaslagán maolánach ann ná tuaslagán atá friotaíoch in aghaidh athruithe ar pH aige, má chuirtear méideanna beag aigéidalcaile leis. Is tuaslagán uiscí é, arb é atá ann ná meascán d'aigéad lag agus a bhun comhchuingeach, nó a mhalairt.

An dóigh a n-oibríonn tuaslagán maolánach

Cuireann tuaslagáin mhaolánacha i gcoinne athraithe pH mar gheall ar chothromaíocht idir an t-aigéad lag HA agus a bhonn comhchuingeach A.

HA ⇌ H+ + A

Nuair a chuirtear roinnt aigéad láidir le meascán cothromaíochta den aigéad lag agus a bhun comhchuingeach, cuirtear iain hidrigine (H+) leis, agus aistrítear an chothromaíocht ar chlé, de réir phrionsabal Le Châtelier. Mar gheall air seo, méadaíonn tiúchan na n-ian hidrigine níos lú ná an méid a bhfuil súil leis maidir leis an gcainníocht aigéad láidir a chuirtear leis. Ar an gcaoi chéanna, má chuirtear alcaile láidir leis an meascán, laghdaíonn tiúchan na n-ian hidrigine níos lú ná an méid a bhfuil súil leis maidir leis an gcainníocht alcaile a chuirtear leis.

Mar shampla, feidhmíonn aicéatáit (CH3COOH is CH3COO-) go maith mar mhaolán sa raon pH 4-5, carbónáit (H2CO3 is HCO3-) sa raon 6-8, agus amóinia (NH3 is NH4+) sa raon 9-10. Braitheann córais bhitheolaíochta ar mhaoláin go príomha chun luachanna tairiseacha pH a chaomhnú.

Bíonn aigéad lag agus salann aigéad lag i dtuaslagán maolánach aigéadach, mar shampla is tuaslagán maolánach é tuaslagán d’aigéad eatánóch agus eatánóáit sóidiam.

I dtuaslagán aigéadach ina bhfuil aigéad eatánóch agus eatánóáit sóidiam i dtuaslagán, tá;

  • méid mór den aigéad eatánóch díthiomsaithe, mar gur aigéad lag é, agus
  • méid mór ian eatánóáite, mar gheall ar dhíthiomsú iomlán na heatánóáite sóidiam i dtuaslagán.

Uaidh sin, tá taiscumar d’iain aigéad eatánóch agus eatánóáite ag tuaslagán maolánach.

Aigéad (H+) a chur le tuaslagán maolánach

CH3COOH ⇌ CH3- + H+
  • Bogann suíomh na cothromaíochta ar clé, leis na hiain (H+) a cuireadh leis a bhaint as.
  • Coinníonn seo an pH beagnach tairiseach.

Sa tuaslagán maolánach tá taiscumar de na hiain eatánóáite ann.

Alcaile (OH-) a chur le tuaslagán maolánach

CH3COOH + OH- ⇌ CH3COO-+ H2O
  • Is féidir leis an aigéad eatánóch neamhdhíthiomsaithe na hiain hiodrocsaíde a bhaint as agus an pH a chothabháil.
  • Nó is féidir leis na hiain hiodrocsaíde comhcheangal le H+ agus uisce a fhoirmiú, rud a thiomáineann an chothromaíocht CH3COOH ⇌ CH3COO- + H+ go taobh na láimhe deise, le rud éigin a chur in áit na n-ian H+ agus an pH a choinneáil seasmhach.

pH tuaslagán maolánach a ríomh

Is féidir pH tuaslagán maolánach a ríomh ag úsáid chothromóid Henderson-Hasselbalch.

pH = pKa + log1010 [A]/[HA]

Is é [A-] tiúchan an ainiain, a nglactar leis go bhfuil sí mar an gcéanna le tiúchan an tsalainn, mar go ndíthiomsaíonn sí go hiomlán i dtuaslagán. Is é [HA] tiúchan an aigéid.

Mar shampla: Más é an Ka don aigéad eatánóch ag 25°C is 1.8 x 10-5 mol dm-3, cad é pH tuaslagáin a bhfuil 1.0 mol dm-3 eatánóáit sóidiam agus 0.1 mol dm -3 aigéad eatánóch ann? pH = pKa + log10 [A]/[HA] pH = -log10Ka + log10 [A]/[HA] pH = -log10(1.8 x 10-5) + log10(1.0/0.1) Freagra: pH = 4.7 + 1 = 5.7

Hidrealú salainn

Is féidir le tuaslagán salainn bheith aigéadach, alcaileach nó neodrach, ag brath ar nádúr idirghníomhú na n-ian salainn le huisce (hidrealú salainn). Glacann caitiain agus ainiain an tsalainn dhíthiomsaithe le hiain hidrigine ó uisce nó bronnann siad iain hidrigine ar uisce.

Cineál salainn Aigéad, alcaile nó neodracha Sampla
Salann déanta d’aigéad láidir agus de bhun láidir neodrach Clóiríd sóidiam. Sulfáit photaisiam.
Salann déanta d’aigéad lag agus de bhun láidir. Alcaileach – imoibríonn an t-ian diúltach le huisce, bronnann an t-uisce prótón ar an ian diúltach, fágann sin iain OH- i dtuaslagán. A+H2O ⇌ HA + OH- Eatánóáit sóidiam.
Salann déanta de bhun lag agus d’aigéad láidir Aigéadach – bíonn an t-ian deimhneach ag imoibriú le huisce, agus bronnann prótón le H3O+ aigéadach a fhoirmiú. NH4+ + H2O ⇌ NH3 + H3O+ Clóiríd amóiniam.
Salann déanta d’aigéad lag agus de bhun lag Aigéadach nó alcaileach ag brath ar láidreacht an aigéid nó an alcaile. Eatánóáit amóiniam