Cáiséin
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8c/Caseinaufbereitung.jpg/250px-Caseinaufbereitung.jpg)
An phríomhphróitéin i mbainne is cáis, atá saibhir i gcailciam is fosfar. Próitéin theaschobhsaí, ach deascann sí ag luach pH timpeall 4.2, caoin aigéadach. Baintear feidhm as seo i ndéanamh cáise, agus is í an chéad chéim deascadh an ghrutha (cáiséin is saill) ón meadhg. Is féidir an cháiséin a dheascadh le reinin, an einsím díleáite ó laonna, freisin.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cáiséin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 108.