Is é Cíos[1] (Gréigis: Χίος, ar a dtugtar Scio i mBéarla go traidisiúnta) an cúigiú oileán is mó de chuid na Gréige. Tá sé suite i dtuaisceart na Mara Aeigéiche, agus is é an deichiú oileán is mó sa Mheánmhuir ar fad. Luíonn Caolas Chíos idir an t-oileán agus an Tuirc. Tá clú agus cáil ar Chíos as an méid guma maisteoige a easpórtálann sé, agus is é “an tOileán Maisteoige” leasainm an oileáin. I measc na nithe is díol spéise do thurasóirí iad, tá a chuid sráidbhailte meánaoiseacha agus mainistir Nea Moni ón 11ú haois, Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO.