Is bardasacht i bhFlóndras, an Bheilg, é Dilbeek. Cuimsíonn sé Dilbeek féin móide roinnt bailte beaga eile. Tá Dilbeek suite i gCúige Brabant, i dtuaisceart na tíre agus lámh le Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile. Poort van het Payottenland (Geata na Payottenlainne) a thugtar ar Dilbeek uaireanta mar leasainm mar tá Dilbeek ar an teorainn idir réigiún na príomhchathrach agus an limistéir sin an Payottenland. Ar 1 Eanáir 2016 measadh 41,450 duine a bheith ina gcónaí in Dilbeek.