Cathair agus bardas sa Bheilg is ea Sint-Truiden (ainm Ísiltírise; Fraincis: Saint-Trond), agus é suite i gCúige Limburg, i bhFlóndras, i dtuaisceart na Beilge. Cuimsíonn Bardas Sint-Truiden an chathair féin, chomh maith le breis is dosaen sráidbhailte nó bailte beaga máguaird. Tá Sint-Truiden suite i lár ceantair ina shaothraítear a lán torthaí. Tá tuairim is 39,000 duine ina gcónaí sa chathair. Tagann ainm na cathrach ó Naomh Trudo, manach den 7ú haois a bhunaigh mainistir san áit sin.
Íomhánna
macasamhail Mainistir Naomh Trudo i lár na cathrach