Is cathair i bhFlóndras, sa Bheilg, é Oudenaarde. Tá Oudenaarde suite ó dheas ó Gent, ar abhainn na Sceilte. Tá 31,393 áitritheoir sa chathair. Is sampla iontach den stíl Ghotach é halla na cathrach, a tógadh idir 1527 agus 1530. Tá cáil ar Oudenaarde mar gheall ar a thaipéisí.