Ionfhabhtúvíreasach atá tearc ach an-trom, a chuireann tús le damáiste d'an-chuid fíochán is orgán, rith fola inmheánach, agus mortlaíocht ard. Tugtar galar Marburg is fiabhras Marburg air freisin. Tarchuirtear é trí thadhall le sreabháin cholainne ó dhuine ionfhabhtaithe, agus tarlaíonn sé i ráigeanna scaipthe san Afraic. Ní fios cén teacht aniar ón ngalar atá ag ainmhithe. Aithníodh den chéad uair é i 1967 nuair a tharla ráigeanna comhuaineacha i measc oibrithe saotharlainne i Marburg is Frankfurtna Gearmáine agus i mBéalghrád na hIúgslaive. Níos déanaí, fuarthas ceangal idir na ráigeanna seo is moncaithe ionfhabhtaithe a iompórtáladh ó Uganda. Braitheadh an víreas ó am go chéile ó shin. Níl aon vacsaín ná cóireáil air fós.[1]