Litiam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Litiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Li |
Uimhir adamhach | 3 |
Mais adamhach | 6.94 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s¹ agus [He] 2s¹ |
Peiriad, Grúpa | dúil ghrúpa 1 peiread 2 miotail alcaile |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 0.534 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 453.7, 180.5 agus 357.3 |
Fiuchphointe | 1,317 agus 2,426 |
Leictridhiúltacht | 1 |
Ga ianach | 0.59, 0.76 agus 0.92 |
Stair | |
Aimsitheoir | Johan August Arfwedson |
Fionnachtain | 1817 |
Eapainm | cloch |
Is dúil mhiotalach é an litiam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 3, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Li. Tá trí phrótón i núicléas an adaimh litiam, agus, dá réir sin, trí leictreon sa néal leictreon. Ceann de na miotail alcaileacha atá ann, agus cosúil leis na miotail alcaileacha eile, níl ach aon fhiúsleictreon amháin aige. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s1, nó tá an sceall is gaire don núicléas lán, agus aon leictreon amháin ar s-fhithiseán an dara sceall. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó ná +1. Tá adamh an litiam an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh leis na neamh-mhiotail, ionas go gcaillfidh sé an fiúsleictreon le hiompú ina ian deimhneach. Tá sé riachtanach litiam a choinneáil dealaithe ón atmaisféar, istigh san ola mar shampla, nó má oibríonn an ocsaigin air, tiocfaidh brat bán ocsaíde (Li2O, ocsaíd litiam) air go sciobtha. Is miotal é a bhfuil loinnir an airgid ann, a fhad is nach bhfuil an brat sin air. Oibríonn an t-uisce air ar an dóigh chéanna, cé nach bhfuil an t-imoibriú leis an uisce chomh tobann agus a bhíonn sé ag na miotail alcaileacha eile. Níl tréithe an mhiotail alcailigh chomh láidir ag an litiam agus ag na miotail eile sa ghrúpa seo, nó is é an ceann is airde leáphointe agus an ceann is deacra a ghearradh acu. Is féidir an litiam a ghearradh le gnáthscian, ach níl sé chomh bog leis an sóidiam, cuir i gcás.
Cé nach bhfuil an litiam chomh fíochmhar leis na miotail eile sa ghrúpa céanna ag imoibriú, baineann na dainséir chéanna leis. Iompaíonn sé ina hiodrocsaíd litiam nuair a thagann sé i dteagmháil leis an uisce, ionas go gcruthaítear tuaslagán an-bhunata ar féidir dó dochar a dhéanamh d'fhíocháin an choirp. Níltear sásta, an bhfuil na hiain litiam úsáideach don duine ar aon nós, fiú mar riandúil, ach má bhíonn farasbarr acu ann, beidh siad ina nimh don orgánach dhaonna.
Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, tá an litiam an-éadrom, agus é ag snámh ar dhromchla an uisce. Le fírinne, tá sé níos éadroime ná aon mhiotal eile, nó fiú aon dúil eile atá ina solad le teocht an tseomra. Tá a leáphointe níos airde ná leáphointí na miotal alcaileach eile, ach mar sin féin, tá sé sách íseal: 180.54 °C, nó 453.59 K. Is é an fiuchphointe atá aige ná 1342 °C, nó 1615 K - níos ísle ná leáphointe an iarainn, cuir i gcás.
Mianraí litiam
Ó tá an litiam ina dhí-ocsaídeoir láidir cosúil leis na miotail alcaileacha eile, níl sé le fáil sa dúlra ina mhiotal. Is iad na mianraí is tábhachtaí a bhfuil litiam iontu ná an spodaiméin, arb í sileacáit an litiam agus an alúmanaim í; an leipidilít (an míoca litia), a bhfuil sileacáití, alúmanáití hiodrocsaídí agus fluairídí an litiam, an photaisiam agus an alúmanaim measctha inti; an pheitilít nó an chastairít, cineál eile de shileacáit an litiam agus an alúmanaim; agus an amblagáinít, arb í fosfáit an litiam, an tsóidiam agus an alúmanaim í agus iain fhluairíde agus hiodrocsaíde measctha tríthi.
Úsáid
Baintear úsáid as an litiam i gcadhnraí (batairí) leictreacha, i ngléasra aistrithe teasa (tóstaeir, micreathonnáin), agus i gcóimhiotail éadroma, as a ndéantar eitleáin. Thairis sin, tá carbónáit an litiam tábhachtach mar shíceachógas, le maolú ar na mothúcháin. Ós rud é, áfach, go bhfuil nimhiúlacht áirithe ag baint leis na hiain litiam, ní mór súil a choinneáil ar a dtiúchan i bhfuil an othair atá ag fáil cóir leighis den chineál seo.