Is stát de chuid Mheicsiceo é Meicsiceo atá suite i lár na tíre. Tá an chuid is mó den stát suite ar an taobh thiar de Chathair Mheicsiceo ach síneann cuid eile de ó thuaidh agus soir leath-thimpeall na príomhchathrach. Is é Toluca de Lerdo an phríomhchathair agus is é Ecatepec de Morelos an chathair is mó daonra. Bhí 16,618,929 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.
Is é Popocatépetl, bolcán, an pointe is airde i Stát Mheicsiceo.