Marco Rubio
Polaiteoir Meiriceánach is ea Marco Antonio Rubio, a rugadh ar 28 Bealtaine 1971 in Miami, Florida. Ball den Pháirtí Poblachtach atá ann. Is é an seanadóir sinsearach ó Florida é. Ceann comhairle Theach na nIonadaithe i bhFlorida é roimhe sin (2007–2009).
Bhain Rubio céimeanna amach ó Ollscoil Florida agus ó Scoil Dlí Ollscoil Miami. Sna 1990idí bhí sé ina choimisinéir cathrach ar son Miami Thiar agus toghadh é mar bhall de Theach na nIonadaithe Florida sa bhliain 2000. Nuair a sheas sé do Sheanad na Stát Aontaithe i mí na Samhna, 2010, fuair sé 48.9% de na vótaí i gcoinne beirt eile, mar atá Charlie Christ (Poblachtánach ag rith mar iarrthóir neamhspleách) agus Kendrick Meek (Daonlathach). Tháinig tuismitheoirí Marco Rubio go Florida ó Chúba sna 1950idí.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
- Senator Marco Rubio Suíomh Seanad oifigiúil
Seanadóirí reatha na Stát Aontaithe | ||||
---|---|---|---|---|
AL: Shelby (P), Jones (D) |
HI: Schatze (D), Hirono (D) |
MA: Warren (D), Markey (D) |
NM: Heinrich (D), Luján (D) |
SD: Thune (P), Rounds (P) |
Poblachtach (52) | Daonlathach (46) | Neamhspleách (2) |