Tomás Acain
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Thomas Aquinos |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (it) Tommaso d'Aquino 1225 (Féilire Ghréagóra) Roccasecca (Kingdom of Sicily) |
Bás | 7 Márta 1274 48/49 bliana d'aois Fossanova Abbey (Stáit an Phápa) |
Áit adhlactha | Church of the Jacobins (en) (1369–) |
Ollamh | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Pháras (1245–1248) Ollscoil Napoli Federico II (1239–1245) |
Áit chónaithe | Aquino |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht agus diagacht |
Gairm | diagaire, fealsamh, scríbhneoir, sagart Caitliceach Rómhánach, ollamh, diagaire Caitliceach |
Fostóir | Ollscoil Pháras |
Gluaiseacht | Thomism (en) , just war theory (en) agus scolaíochas |
Mac/iníon léinn de chuid | Albertus Magnus |
Mac/iníon léinn | Henry Bate of Malines (en) agus Remigio dei Girolami |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Laidin na meánaoise agus Iodáilis na Meánaoise |
Ord crábhaidh | Doiminicigh |
Ardú | |
| |
Lá féile | 28 Eanáir 7 Márta |
Fearann an naoimh nó an dé | Múinteoir ollscoile, apologist (en) , Belcastro, Aquino, foghlaim, chastity (en) , diagaire agus scoláire |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Eile | |
Teideal uasal | Dochtúir na hEaglaise |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Landulphe d'Aquino |
Sagart Caitliceach Iodálach ab ea Naomh Tomás Acain (c. 1225 – 7 Márta 1274). Fealsamh agus diagaire a bhí ann agus é ina bhall d'Ord Doiminiceach na Seanmóirithe.
Saol
Rugadh Naomh Tomás Acain sa bhliain 1226 i Roccasecca, Aquino, An tSicíl, i gcaisleán a athar, an Cunta Landulph. Chaith Tomás a luathshaol faoi phribhléid, toisc gur bhain sé le teaghlach uasal rachmasach, agus cuireadh ardoideachas air. Cuireadh ar scoil as baile é nuair a bhí sé cúig bliana d’aois, agus thuig a chuid múinteoirí go luath gur duine an-éirimiúil a bhí ann.[1]
Chomh luath agus a bhí sé fásta go leor, in aois seacht mbliana déag dó, tháinig Tomás faoi thionchar na gluaiseachta nua Doiminiceánach. Shocraigh sé ar dhul isteach in Ord na nDoiminiceánach, ord a bhunaigh San Doiminic.[2] Chuir a mhuintir, a bhí traidisiúnta go maith, ina aghaidh seo. Ní raibh a theaghlach sásta agus cuireadh faoi ghlas é.
D'éalaigh Tomás sa bhliain 1245. Agus de réir a chéile, d’éirigh le Tomás a mhian a fháil.
Cuireadh go Páras é don chéad uair agus é fiche bliain d'aois. D'fhan sé ann go dtí 1248, agus ansin cuireadh go Cologne é. Tháinig sé ar ais go Páras i 1252 agus d’éirigh sé thar a bheith cairdiúil le Louis IX, Rí na Fraince an am sin.
Rinneadh Dochtúir le Diagacht de, agus thug sé léachtaí ar an Diagacht i gcathracha tábhachtacha mar an Róimh. Leath a cháil mar scoláire ionas gur bronnadh an gradam air bheith mar éarlamh na mac léinn agus na n-ollscoileanna.
Sa bhliain 1261, chuir an Pápa ceist air teacht chun na Róimhe le múineadh inti.
Bás
Bhuail fís é i lár an aifrinn i Nollaig 1273; afáiseach, stop sé a chuid scríbhneoireachta. Bhí sé ag scríobh 'Summa Theologica', a phríomhshaothar, agus níor chríochnaigh sé é riamh.
Ar an mbealach chun Dara Chomhairle Lyon dó, ar ordú ón bPápa Greagóir X, bhuail tinneas é. Fuair sé bás ag an mainistir Chistéirseach de Fossa Nuova na hIodáile, ar 7 Márta 1274 (rith fola san inchinn b'fhéidir?) in aois 48 nó 49 dó.
Múinteoireacht
Tá meas ag an Eaglais Chaitliceach air mar eiseamláir múinteora, go háirithe i ngeall ar oideachas sagart. Scríobh sé breis agus fiche leabhar le linn a shaoil. Níor éirigh leis a mhórshaothar léinn, an 'Summa Theologica', a chríochnú áfach.
Tá sé ar na trí dhuine dhéag is fiche a dtugtar Múinteoirí na hEaglaise orthu, agus meastar gurb é an diagaire is fearr san Eaglais.
Tugtar an Dochtúir Ainglí agus an Doctor Universalis air.
Fealsúnacht
Tá Tomás ar na diagairí is tábhachtaí san fhealsúnacht nádúrtha Chlasaiceach, agus chuir sé scoil fhealsúnach ar bun a dtugtar an Tómachas uirthi.
Is é Summa Theologica a phríomhshaothar.
Oidhreacht
Duine de na diagairí ba mhó tionchair dár mhair riamh ba ea Tomás. D’ainmnigh an Pápa Pius V é bheith mar Dhochtúir na hEaglaise nuair a chanónaíodh é sa bhliain 1323.
Thaitin an mhúinteoireacht chomh mór sin le Tomás go mbreathnaítear anois air mar éarlamh ar scoileanna, ar ollscoileanna agus ar mhic.
Ar an 28 Eanáir, ceiliúrtar Lá Fhéile Tomás Acain (titeann an 7 Márta, lá a bháis, i rith an Charghais).
Tagairtí
- ↑ Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2009 (2009). "Acmhainní do Phobal na Scoile / Comhad Fíricí". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ An Chomhairle Oideachais de Chomhdháil Easpag Éireann (diocese of Kerry) (2012). "Téama: Corp Beo Chríost Gníomhach Inár Saol (Post-primary-resources)". Dáta rochtana: 2021.