Frank Lloyd Wright
Bhí Frank Lloyd Wright (8 Meitheamh 1867 – 9 Aibreán 1959) ar cheann dos na hailtirí ba cháiliúla agus ba mhó tionchar sa domhan. Bhí gníomhréim Wright chomh fada agus rathúil sin, leis an oiread sin stíleanna difriúla, go raibh a shaol mar aon le sraith gluaiseachtaí in áit saol fear amháin. An fachtóir coitianta leis na stíleanna uilig seo ná, dar le Wright, go raibh siad uilig forbairt den stíl orgánach. Bhí sár-tionchar aige ar ailtireacht Mheiriceá agus b'é gan dabht, an t-ailtire Meiriceánach ba cháiliúla riamh.
Luathshaol
Mar mhac de mhinistir Baisteach agus de mháthair ón Bhreatain Beag, chaith Wright a lán dá shaol luath ar fheirm a uncail i Madison, Wisconsin. Ba bheag oideachas foirmeálta a bhí ag Wright ach léigh sé go forleathan, mar shampla téacsanna de chuid Ruskin agus Emerson ach go háirithe. Bhí tionchar mór ag scríbhneoireacht Emerson ar, ach go háirithe an bhéim a chuir sé ar féinspléachas, soirbheachas agus aonaracht.
Tús a ghníomhréim
An chéad comhlacht inar oibrigh Wright ná oifig Joseph Lyman Silsbee, sa bhliain 1887 ach go gairid ina dhiaidh sin d'aistrigh sé chuig Sullivan & Adler, áit ar obair sé ar an foirgnimh amharclann Chicago. Bhí sár-thionchar ag an oifig sin ar obair Wright ach go háirithe os rud é go raibh ailtireacht orgánach i mbéal forbartha ag Sullivan.
Saothair
An chéad teach a thóg sé ná teach dó féin agus a chéad bhean chéile in Oak Park, Chicago, i 1889. Ba shampla é seo den 'stíl seangáin' le gnéithe Seapánacha caite isteach.
In a dhiaidh sin do thóg sé Teach Winslow i River Forest, Illinois (1893). Mar chodarsnacht bhí sé seo mar bosca siméadrach agus tógtha le brící agus terracotta.
Sa bhliain 1893 caitear amach as oifig Sullivan é toisc go raibh sé ag obair ar coimisiúin príobháideach. Tar éis seo thosaigh sé i ndáiríre ag forbairt a stíl fhéin. Chuir sé an-bhéim ar geoiméadracht, soiléireacht agus comhsheasmhacht, le phlánaí agus gnéithe trasnacha. Cé gur thóg sé ón stíl scaineagán ('shingle style') níor bhac sé le simléir ard agus na gnéithe sin. Ionad sin chuir sé béim ar néithe cothromáinta, fada, gan íad a bheith idirscortha le fuinneoga agus doirse is na gnéithe sin.
Tá a stíl seo le shonrú i Teach Warren Hickox, Kanake, Illinois. Glaoitear an Stíl Féarthalamhach ('Prairie style') ar seo as ocht alt a scríobh Wright i 1901 sa Ladies' Home Journal faoin cheannteideal 'Teaglach i mbaile féarthalamhach' ('A Home in a Prairie Town'). Dar leis an alt, d'fhéadfadh teach mar seo bonnchló le foirm 'X', 'T', nó 'L', leis an féidireacht do leibhéil scartha agus seomra suí de airde dúbalta.