Grigoriy Rasputin
![]() (1916) ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Григорий Ефимович Распутин |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 9 Eanáir 1869 (Iúlach) Pokrovskoye (Impireacht na Rúise) |
Bás | 17 Nollaig 1916 (Iúlach) 47 bliana d'aois Cathair Pheadair (Impireacht na Rúise) |
Siocair bháis | Dúnmharú (Bá agus tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Khlysts (en) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | misteach, tuathánach, polaiteoir, diamhraí, manach ![]() |
Teangacha | An Rúisis agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Praskovia Fyodorovna Dubrovina ![]() |
Páiste | Maria Rasputin ![]() |
![]() ![]() ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c5/GregoriRsput%C3%ADn--fallofromanoffsh00londrich.jpg/220px-GregoriRsput%C3%ADn--fallofromanoffsh00londrich.jpg)
Bráthair siúil ab ea Grigoriy Yefimovich Rasputin (Gaelaithe uaireanta mar Raspúitín) a bhí ina chomhairleoir ag impire deireanach na Rúise, Nioclás a Dó.
Rugadh Rasputin ar an 22 Eanáir, 1869 (ar an 10 Eanáir, de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am) i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir. Dúnmharaíodh Rasputin i gCathair Pheadair ar an 30 Nollaig, 1916.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/7d/Rasputin200.jpg/220px-Rasputin200.jpg)
Finscéalta
Bíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt.
Mar shampla
- Deirtear gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh dá chuid cluanaireachta
- De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir.
- Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar an haemaifilia a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar an Impire.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/1a/Rasputin_piercing_eyes.jpg/220px-Rasputin_piercing_eyes.jpg)
Sloinne coitianta é Rasputin sa Rúis, go háirithe sa tSibéir. Is dealraitheach nach bhfuil gaol ar bith ag an scríbhneoir Valentin Rasputin leis an mbráthair siúil.
Dúnmharú
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/dd/Rasputin_listovka.jpg/220px-Rasputin_listovka.jpg)
Go dtí le déanaí, chreidtí gurbh é an Prionsa Feliks Yusupov a mharaigh Rasputin i gcomhcheilg le dornán comhchoirithe. Fear uasal Rúiseach a bhí ann agus é míshásta leis an tionchar a bhí ag leithéid Rasputin ar an Impire agus ar a bhean chéile ach go háirithe.
I ndiaidh bhás Rasputin, bhí Yusupov agus a chuid comhchoirithe ag cumadh scéalta áiféiseacha faoi chomh deacair is a fuair siad an bráthair siúil a mharú, agus iad ag iarraidh é a nimhiú le ciainíd, é a lámhach le piostail agus é a chnagadh le smachtíní. Chinn siad é a bhá in Abhainn Moika, ceann de na haibhneacha atá ag sní trí Chathair Pheadair.
De réir na fianaise atá ann inniu, áfach, ba é an Leifteanant Oswald Rayner, spiaire Sasanach a raibh aithne aige ar Yusupov, a scaoil an t-urchar a bhuail éadan Rasputin agus a mharaigh ar an toirt é.
Tagairtí
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)