Plean Schlieffen
Cineál | military operation plan (en) |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Alfred von Schlieffen |
Bailíocht | 1905 - |
Údar | Alfred von Schlieffen |
Tír | Impireacht na Gearmáine |
Is éard a bhí i gceist le Plean Schlieffen ná plean slógtha Arm Impiriúil na Gearmáine a bhí dréachtaithe ag Alfred von Schlieffen, Marascal Machaire a bhí ina Cheann Foirne ar Arm na Gearmáine sna blianta 1891-1905. Is é an rún a bhí ag Schlieffen leis an bplean ná a chinntiú nach dtógfadh sé mórán dua ná ama ar an Arm an Fhrainc a chloí.
Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch.
Go bunúsach, bhí an plean bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.
Chrom Schlieffen ar an bplean a oibriú amach sa bhliain 1904. San am seo, bhí an tImpire Uilliam a Dó ag éirí buartha faoin mbagairt a d'aithin sé san Fhrainc agus sa Rúis araon. Shíl sé go bhféadfadh an dá namhaid a thír a ionsaí in éineacht, agus d'iarr sé ar Schlieffen plean a dhréachtú a chuirfeadh ar chumas na Gearmáine teacht slán as cogadh an dá chathéadan. Chríochnaigh Schlieffen an plean sa bhliain 1905.
Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, b'é an plean seo an t-aon cheann a fuair na ginearáil Ghearmánacha i dtaisceán na Foirne Ginearálta. (Bhí Schlieffen féin ag iompar na bhfód le dhá bhliain anuas cheana.) Ar an drochuair, ní raibh sé indéanta an chéad chéim den phlean - slógadh an Airm - a chur i gcrích gan neodracht na Beilge agus Lucsamburg a shárú.
Nuair a chuir an tImpire Uilliam a Dó gairm shlógtha ar a chuid saighdiúirí, shíl sé nach raibh sé ach ag beartú an chlaímh, ach le fírinne, b'ionann an slógadh agus an t-ionsaí ar an mBeilg. Ó bhí neodracht na Beilge ráthaithe ag an mBreatain Mhór, tharraing an tImpire na Sasanaigh isteach sa chogadh leis an mbeart seo.